Tá Gaelscoil Choláiste Mhuire faoi scáth Iontaobhas Scoileanna Éamainn Rís, ERST.
Tá ERST feagrach as 96 scoil, idir bhunscoileanna agus meánscoileanna i bPoblach na hÉireann. Tacaíonn an iontaobhas a cuid scoileanna agus a scoláirí, múinteoirí, príomhoidí, boird bainistíochta deonacha, baill, stiúrthóirí agus foireann ar aon dul le dearbhphrionsabail de Chairt Iontaobhas Scoileanna Éamainn Rís.
Cuireann scoileanna ERST comhionannas rochtanna agus rannpháirtíochta chun cinn. Aithníonn scoileanna an iontaobhais uathúlacht an duine aonair i bpobail chomhbhácha áit a chothaítear forbairt iomlánaíoch. Bíonn na próisis rollaithe oscailte agus fógraithe roimh ré. Baineann ardchaighdeáin oideachais, forbartha agus tréadacha leis na scoileanna.
Chomh maith le soláthar ardchaighdeáin bharrfheabhais sa teagasc agus san fhoghlaim, caomhnaíonn na scoileanna traidisiún láidir spóirt, cultúr Gaelach agus éiteas ceartais sóisialta. Spreagtha ag 5 bhuntréith de Chairt Iontaobhas Scoileanna Éamainn Rís, tá na scoileanna ag tabhairt aghaidh ar dhomhan atá de shíor ag athrú agus ag tacú le ceannairí na todhchaí a bheith ag obair i bpáirtnéireacht, a bheith aireach faoin timpeallacht, aire a thabhairt dá chéile agus do dhaoine eile go cothrom agus a bheith ina saoránaigh spreagúla.
Is iad 5 bhuntréith de Chairt Iontaobhas Scoileanna Éamainn Rís ná:
- An creideamh, Spioradáltacht Chríostaí agus luachanna an tSoiscéil a chothú
- An Chomhpháirtíocht a chur chun cinn i bPobal na scoile
- Barr Feabhais sa Teagasc agus san Fhoghlaim a bhaint amach
- Pobal Comhbhách Scoile a Chruthú
- Ceannaireacht Bhunathraithe chun Feabhais a Spreagadh.
Is í mór-aidhm ERST ná chun dul chun cinn an oideachais a chinntiú agus a chothú agus chun oideachas Caitliceach i dtraidisiún Éamainn Rís a chur chun cinn ina cuid coláistí, scoileanna agus tionscnaimh oideachais in Éirinn atá faoi scáth an iontaobhais de réir fhealsúnacht oideachais agus creidimh an iontaobhais mar atá luaite i gCairt Iontaobhas Scoileanna Éamainn Rís.
Is féidir breis eolais a fháil faoi Éamann Rís féin trí chliceáíl ar an nasc seo: Éamann Rís
ERST
The Edmund Rice Schools Trust, ERST, is the patron of Gaelscoil Choláiste Mhuire.
ERST has responsibility for 96 schools, primary and secondary, in the Republic of Ireland. The Trust supports its schools and their students, teachers, principals and voluntary boards of management, members, directors and staff in line with the tenets of the Edmund Rice Schools Trust Charter.
ERST schools promote equality of access and participation. All of our schools recognise the uniqueness of each individual in caring communities where holistic development is nurtured. Enrolment processes are open and flagged in advance. High educational, developmental and pastoral standards apply in all our schools.
In addition to the provision of high standards of excellence in teaching and learning, our schools uphold a strong sporting tradition, gaelic culture, and ethos of social justice. Inspired by the five key elements of the Edmund Rice Schools Trust Charter our schools are responding to a changing world and supporting the leaders of the future to work in partnership, care for the environment, look after themselves and others equally and be inspirational citizens.
The five key elements of the Edmund Rice Schools Trust Charter are
- Nurturing faith, Christian spirituality and Gospel-based values;
- Promoting partnership;
- Excelling in teaching and learning;
- Creating a caring school community;
- Inspiring transformational leadership.
The main object of the Company is to ensure and foster the advancement of education and to further the aims and purposes of Catholic education in the Edmund Rice tradition in colleges, schools and other educational projects in Ireland owned or operated by the Company in accordance with the religious and education philosophy of the Company as stated in the Edmund Rice School Trust Charter.
More information about Edmund Rice may be seen by clicking on this link: Edmund Rice