Gaelscoil Choláiste Mhuire
Scoil Éamonn Rís

Achmhainní / Resources

An bhfuil tú ag iarraidh níos mó a fhoghlaim faoi na hacmhainní a d’fhéadfadh cabhrú leat féin agus le do pháiste agus sibh ag gabháil trí oideachas lán-Ghaeilge le chéile? Sa rannóg seo den suíomh, gheobhaidh tú eolas maidir le roinnt de na hacmhainní tacaíochta atá ar fáil.

Would you like to learn more about some of the resources which could be useful for you and for your child as you go through Irish-medium education together? You can learn about and access some of those resources in this area of the site.

Acmhainní do Thuismitheoirí / Resources for Parents



An bhfuil tú ag iarraidh níos mó a fhoghlaim faoi na hacmhainní a d’fhéadfadh cabhrú leat féin agus le do pháiste agus sibh ag gabháil trí oideachas lán-Ghaeilge le chéile? Sa rannóg seo den suíomh, gheobhaidh tú eolas maidir le roinnt de na hacmhainní tacaíochta atá ar fáil.

Would you like to learn more about some of the resources which could be useful for you and for your child as you go through Irish-medium education together? You can learn about and access some of those resources in this area of the site.

EASYIRISH.COM

Bailiúcháin podchraoltaí a thugann deis do dhaoine foghlaim ag luas a oireann dóibh féin. Tá na podchraoltaí saor in aisce le híoslódáil agus is féidir iad a úsáid nuair is mian leat. Cuirtear nótaí ar fáil chomh maith chun tacú leis an bhfoghlaim.


​A selection of podcasts that allow people to study the language at their own pace. The podcasts are free to download to use when and where you like. It also provides notes that you can download for free to aid in your studies.

RTÉ EASY IRISH!

Is cúrsa taitneamhach ar líne atá i gceist le Easy Irish! atá oiriúnach don teaghlach ar fad! Tá réamhbhlaiseadh den chúrsa ar fáil ar líne a dhíríonn ar ghnáth-theanga shimplí a d’fhéadfaí a úsáid i réimse leathan suímh.


​Make learning Irish easy with this fun and informative online course perfect for all the family. The taster course contained in Easy Irish! focuses on useful everyday language that you can use in a wide range of situations. The course aims to give those who use it the confidence to speak Irish

DIGITAL DIALECTS

Is suíomh é seo a mhúineann focail, litriú agus frásaí beaga as Gaeilge trí chluichí idirghníomhacha.




​This is a website that teaches vocabulary, spelling and phrases in Irish through interactive games.




LIAM Ó MAONLAÍ

Cruthaíodh an cúrsa seo le cabhair a thabhairt don fhoghlaimeoir focail shimplí, frásaí agus nathanna a fhoghlaim nó a athfhoghlaim. Pléitear le téamaí coitianta ón saol laethúil ann. Níl leabhar ar bith ina theannta – mar sin, ní gá ach éisteacht agus taitneamh a bhaint as an gcúpla focal.


This course was created to help you learn, or re-learn, a range of simple words, phrases and expressions on everyday topics that can be easily used in your own daily life. There are no accompanying textbooks, so simply listen, repeat and enjoy an cúpla focal for yourself!

TÉARMA.IE

Seo é an bunachar náisiúnta téarmaíochta don Ghaeilge. Tá os cionn 338,000 téarma ar fáil sa bhunachar agus iad inchuardaithe faoi na leaganacha Gaeilge agus Béarla. Tá an suíomh seo an-úsáideach má tá leagan Gaeilge nó Béarla ag teastáil uait ar choincheap Tíreolaíochta, Spóirt, Ríomhaireachta, Ealaíne, Matamaitice agus go leor eile. Bain triail as!


​This is the National Terminology Database for Irish. The database contains over 338,000 terms, searchable under both Irish and English versions. This site is very useful if you are looking for the Irish or English version of a technical term

FOCLÓIR.IE​

Tá an foclóir seo ar fáil saor in aisce. Tá eolas gramadaí agus comhaid fuaime ann atá an-chabhrach don fhoghlaimeoir. Tá aip an Fhoclóra Nua Béarla-Gaeilge ar fáil le ceannach ar chostas íseal.




As well as Irish translations for the English content, this dictionary also contains grammatical information and sound files in which you can hear how words are pronounced in different dialects. This feature could be useful if you are unsure how to pronounce words you may meet in your child’s readers or homework. The dictionary also has an app that you can buy at a low price.

TG4 ONLINE​

An bhfuil a fhios agat gur féidir breathnú ar chláir éagsúla do pháistí agus éisteacht le scéalta á léamh ag pearsana éagsúla ar sheinnteoir TG4? Breathnaigh ar rannóg na bpáistí ar an suíomh chun teacht ar chlár a thaitneoidh leis an teaghlach ar fad!




Did you know that the TG4 online player has podcasts of some of their most popular children’s programmes, as well as stories being read aloud by well-known Irish personalities? Check out the children’s section on their website to find a programme all the family will enjoy and learn from.


​BIA LINN

Seo acmhainn iontach ó TG4. Clár álainn cócaireachta le Muireann Ní Chíobháin agus a cairde óga. Is iontach mar is féidir leat teacht ar na hoidis ón gclár – roghnaigh ‘Gaeilge’ nó ‘Béarla’ ar bharr an leathanaigh. Is féidir teacht ar na hamhráin ón glár chomh maith – brúigh ar aon cheann de na hamhráin agus gheobhaidh tú na focail agus na foinn – seo libh ag amhrán!


​This is a great resource from TG4. A fun cookery programme as Gaeilge with Muireann and guest children. A great feature is the recipe section – you can access recipes from the programme in Irish or in English (choose the language at the top of the page). Another fun part of the site is the Song section where you can click on each of the programme’s songs, get the lyrics and sing along!

RABHLAÍ RABHLAÍ​

Bailiúchán rannta á gcanadh agus á n-athrá i gcanúint na Mumhan.








A collection of rhymes sung and spoken in the Munster dialect by three generations of singers/storytellers.

SCRIOBH.IE

Tá eolas cuimsitheach ar an suíomh seo faoi na háiseanna ríomhaireachta agus idirlín atá bainteach leis an nGaeilge. Tá naisc agus eolas ann faoi litreoirí, gramadóirí, cúrsaí ar-líne, foclóirí agus acmhainní ríomhaireachta. D’fhéadfadh cuid de na hacmhainní a bheith úsáideach má tá páistí agat sna hardranganna – go mór mór an litreoir don ríomhaire.


​This website contains comprehensive information on the main computer and internet resources that are available for the Irish language. It has links to and information about computer spellchecks, grammar checks, online language courses, dictionaries and computer resources.

SNAS AR SCÉAL

Tá sé mar aidhm ag Snas ar Scéal páistí a spreagadh le bheith ag smaoineamh ar roghanna eile agus ar bhealaí eile lena gcuid tuairimí a chur in iúl agus iad i mbun scríbhneoireachta. Tá áiseanna clóite agus cluichí idirghníomhacha Snas ar Scéal ar fáil ar líne. Is i nGaeilge amháin atá an suíomh seo.



​Snas ar Scéal is a wonderful resource developed by the Council for Curriculum, Examinations and Assessment in Northern Ireland to help children improve their writing skills in Irish. It contains both printed resources and interactive games to develop children’s writing skills on a wide range of themes: weather, feelings, colours and lots more. This resource is available as Gaeilge only.

SÉIDEÁN SÍ​

An raibh fhios agat gur féidir teacht ar chodanna de na leabhair léitheoireachta Séideán Sí ar líne? Cabhraíonn na gníomhaíochtaí éagsúla ar an suíomh tógáil ar an obair a dhéantar sa seomra ranga le linn an lae. Is féidir leat taitneamh a bhaint as na leabhair a léamh le do pháiste agus cluichí idirghníomhacha a imirt le chéile.


Did you know that you can access some of the Séideán Sí junior and senior infant Irish readers online? The activities on this site can help reinforce the work done in the classroom during the day and you can have fun reading with your child and playing some of the interactive games together.

LITRIÚ / SPELLING IN IRISH

Tá treoir bheag áisiúil i mBéarla anseo faoi litriú sa Ghaeilge.

Here is a useful guide to how spellings work in Irish. Worth having a look if you are helping your child learn Irish spellings.

Foghlaim Neamhspleách / Independent Learning

Bain triail as an rannóg seo chun cur le do stór focal, an chluastuiscint a chleachtadh agus cur le do chuid eolais ar struchtúir na teanga. Cliceáil ar na topaicí éagsúla agus beidh teacht agat ar shleamhnáin a chuirfidh míreanna fuaime agus físe i láthair bainteach le gach topaic, mar aon le téipscripteana, stór focal, cleachtaí agus eolas ar struchtúr na teanga.

In this section, you can work independently on adding to your vocabulary, your understanding of spoken Irish and your knowledge of language structures. Click on the various topics and you’ll be able to access slides which will present audio or video related to each topic, along with tapescripts, vocabulary, exercises and some information on grammar.




​CUID 1 / SECTION 1




Beidh an suíomh seo á fhorbairt de réir a chéile agus beifear ag cur leis. Seiceáil an suíomh ó am go ham má tá suim agat ábhar nua a fheiceáil.

This site is a work in progress! new material will be added regularly. Visit us now and again to see new material. Go n-éirí leat!

Nótaí / Notes for the teacher

  • Beidh Áine as láthair ar feadh coicíse i mí Meithimh.
    Áine will be absent for a fortnight in June.

  • Tá an teaghlach go léir ag dul ar saoire.
    All the Family are going on holidays.

  • Críochnóidh sí ar scoil ar an 12 Meitheamh 2017 agus beidh sí ar ais ar scoil ar an 27 Meitheamh 2017.
  • She will finish school on June 12 and she will be back in school on June 27.

  • Níl aon obair bhaile déanta ag Órlaith.
    Órlaith didn’t do her homework.

  • Níor bhraith sí go ró-mhaith nuair a tháinig sí abhaile ón scoil.
    She didn’t feel too well when she came home from school.

  • Chaith sí an trathnóna sa leaba
    She spent the evening in bed.

  • Déanfaidh sí anocht é
    She will do it tonight.

  • Ní raibh Úna ar scoil inné mar bhí a scornach an-tinn
    Úna wasn’t in school yesterday because her throat was very sore.

  • Beidh Caoimhe as láthair ón scoil ó 9 Samhain go dtí 24 Samhain.
    Caoimhe will not be in school from November 9th to November 24th.

  • Beidh sí ag dul faoi scian in ospidéal Naomh Uinsinn chun a Céislíní a bhaint amach.
    She is having an operation in St. Vincents to have her tonsils taken out.

  • Beidh Bríd as láthair amárach (8 Meitheamh 2017) mar beidh uirthi dul go dtí an t-ospidéal chun an plástar a bhaint dá cos.
    Bríd will not be in school tomorrow (June 8, 2017) as she has to go to the hospital to get the plaster on her leg removed.

  • Beidh Aoife déanach ag teacht ar scoil amárach (18 Meán Fómhair 2017).
    Aoife will be late coming to school tomorrow (18 September, 2017).

  • Tá coinne aici leis an bhfiaclóir ag 9 rn.
    She has an appointment with the dentist at 9 am.

  • Gortaíodh Dónall le linn cluiche iománaíochta ar an Satharn. Tógadh go dtí an t-ospidéal é, áit ar chaith sé an oíche. Tá orainn dul ar ais go dtí an t-ospidéal inniu chun x-ghathú a fháil ar a chos chlé
    Dónall was hurt during a hurling game on Saturday. He was taken to hospital and spend the night there. We have to go back to the hospital today to get an x-ray on his left leg.

  • Tá deilgneach ar Chiara. Dúirt an dochtúir liom í a choimeád ón scoil ar feadh coicíse
    Ciara has chicken pox. The doctor said to keep her at home from school for a fortnight.

  • Tá múchadh ar Lúc agus níl cead aige rith.
    Lúc has asthma and he is not allowed to run.

  • Thit Pádraig anuas ó rothar agus ghortaigh sé a ghlúin. Níl siúl ceart aige go fóill agus tá air maidí croise a úsáid.
    Pádraig fell from a bike and he hurt his knee. He can’t walk properly and he has to use crutches.

  • Bhí na faireoga sa mhuineál ataithe. Ní raibh sé in ann ithe.
    His glands in his neck were swollen and he wasn’t able to eat.

  • Bhris Tomás caol a láimhe agus ní bheidh sé in ann scríobh ar feadh cúig seachtaine.
    Tomás broke his wrist and he won’t be able to write for five weeks.

  • Níl aon obair bhaile déanta ag Oisín. Leag sé cupán tae te anuas air féin. Dódh a lámh agus bhí orm dul go dtí an tAonad Timpiste agus Éigeandála leis. Bhí sé déanach nuair a thángamar abhaile.
    Oisín hasn’t done any homework. He knocked a cup of hot tea on himself. He burned his hand and I had to go to A&E with him. It was late when we got home.

  • Níl aon léitheoireacht déanta ag Lúsaí mar bhí laraingíteas uirthi.
    Lúsaí hasn’t done any reading as she had laryngitis.

  • Tá spotaí dearga ar aghaidh Ríona. Níl said tógálach
    There are red spots on Ríona’s face. They are not contagious.

  • Níl aon litriú déanta ag Gearóidín mar ní raibh an leathanach in a mála
    Gearóidín hasn’t done any spellings because the page wasn’t in her bag.

  • Níl aon Mhata déanta ag Gearóidín mar ní raibh an leabhar in a mála
    Gearóidín hasn’t done any maths because the book wasn’t in her bag.

  • Níor chríochnaigh Peadar a obair bhaile aréir. Bhí sé tar éis uair go leith a chaitheamh uirthi. Níl na habairtí Gaeilge críochnaithe. Críochnóidh sé anocht iad.
    Peadar didn’t finish his homework last night. He was after spending 1½ hours on it. The sentences in Irish aren’t finished. He will finish them tonight.








​Seoladh / Address
22 Meán Fómhair 2017

A Phríomhoide a chara,

Tá brón orm go raibh Rónán déanach don scoil inniu.
I am sorry Rónán was late for school today.

(a) Bhí timpiste ag ceann do mo pháistí eile am bricfeasta agus bhí orm í a thógáil go dtí an t-ospidéal.
One of my other children had an accident at breakfast time and I had to bring her to hospital.

D’fhan Rónán i dteach comharsan go dtí gur tháinig mé ar ais.
Rónán stayed in a neighbour’s house until I came back.

(b) Bhí duine de na páistí tinn i rith na hoíche agus bhí orm é a thógáil chuig an dochtúir.
One of the children was sick in the middle of the night and I had to bring him to the doctor.

(c) Bhí timpiste uafásach ar an mbóthar
There was terrible accident on the road.

(d) Bhí an bóthar dúnta go dtí gur tógadh na carranna ar shiúl.
The road was closed until the cars were taken away.

(e) Níor thosaigh an gluaisteán agus bhí orainn an bus a fháil.
The car didn’t start and we had to get the bus

Bhí piscíní ag an gcat !
The cat had kittens !

Tá aiféala orm faoi seo ach ní raibh aon réiteach ar an scéal
I am sorry about this but there was no solution to the problem.

Is Mise le Meas
Respectfully

Ag beannú - Saying hello and good-bye

Dia duit –Hello
Slán leat - Good-bye

Feicfidh mé thú amárach – I’ll see you tomorrow

Moladh - Praising

Maith thú – Good for you
Maith an cailín – Good girl
Maith an buachaill – Good boy
Tá sé sin go deas – That’s nice
Is maith liom é - I like it
An maith leatsa é? – Do you like it?


Rud a iarraidh - Asking for something

Ar mhaith leat briosca? – Would you like a biscuit?
Ba mhaith - I would
Ba mhaith liom péint dhearg – I’d like red paint
Féach ar seo – Look at this
Go raibh maith agat - Thank you
Fáilte romhat – You’re welcome

Frásaí eile/ Other phrases

Cad ta á dhéanamh agat? - What are you doing?
Táim ag súgradh – I’m playing
Níl tú ag féachaint orm – You’re not looking at me
Máire bhocht - Poor Máire
Tá sí ag gol/caoineadh - She’s crying
Thit sé ar an urlár - It fell on the floor
An féidir leat é a fháil? - Can you get it?
Is féidir - I can

Uimhreacha / Numbers

A haon, a dó, a trí, a ceathair, a cúig, a sé, a seacht, a hocht, a naoi, a deich. (1-10)
Duine, beirt, triúr, ceathrar, cúigear, seisear, seachtar, ochtar, naonúr, deichniúr. (1-10 daoine/persons)

Dathanna / Colours

Bán , dubh, dearg, buí, glas, gorm, liath, donn, oráiste, corcra.
White, black, red, yellow, green, blue, grey, brown, orange, purple.

Aidiachtaí / Adjectives

Te, fuar, mór, beag, tirim, fliuch.

Hot, cold, big, small, wet, dry.

Trom, éadrom, uafásach, greannmhar.

Heavy, light, terrible, funny.

Amaideach, ar fheabhas.

Silly, super.

Trealamh / Equipment

An chathaoir (pl. –eacha), an bord, an cófra.
The chair(s), the table, the cupboard.

An páipéar, an phéint, an taos, an marla, an leabhar (pl. –air)
The paper, the paint, the play dough, the plasticine, the book(s)

An gaineamh, an t-uisce, na míreanna mearaí.
The sand, the water, the jigsaw puzzles.

An Corp / The Body

An ceann, an béal, an tsrón, an smig, an chluas, na cluasa, an tsúil, na súile.
The head, the mouth, the nose, the chin, the ear, the ears, the eye, the eyes.

An ghruaig, an lámh, na lámha, an chos, na cosa, an mhéar, na méara, an ghlúin, na glúine, an aghaidh.
The hair, the hand, the hands, the foot, the feet, the finger, the fingers, the knee, the knees, the face.

Éadaí / Clothes

An cóta, na cótaí, na lámhainní, an gúna, an geansaí, an t-léine, an léine, an blús, an sciorta.
The coat, the coats, the gloves, the dress, the jumper, the t-shirt, the shirt, the blouse, the skirt.

An bhróg, na bróga, an stoca, na stocaí, na riteoga, an bríste, an póca, an cnaipe.
The shoe, the shoes, the sock, the socks, the tights, the trousers, the pocket, the button.

Ábhar Lóin, Bia / Lunch Items, Food

An ceapaire, an t-úll, an t-oráiste, an briosca, an bhriosca seacláide, an milseán.
The sandwich, the apple, the orange, the biscuit, the chocolate biscuit, the sweet.

An cháis, an fheoil, an t-arán, an t-im, an subh.
The cheese, the meat, the bread, the butter, the jam.

An bainne, an siúcra, an tae, an caife, an liomanáid bhán, an sú oráiste.

Feabh 03
2025
Lá Fhéile Bríde / Saint Bridget's Day
Feabh 17
2025
Briseadh Meán Téarma
Már 17
2025
Lá Fhéile Pádraig
Már 18
2025
Saoire Scoile
11-Iúil-2023
Casadh an Chéad Fhód / Turning of the First Sod
4 Parnell Square, Rotunda, Dublin 1, Ireland.
01 872 9131
Enquire
Location
© 2025 Gaelscoil Choláiste Mhuire