Gaelscoil Choláiste Mhuire
Scoil Éamonn Rís

Teachtaireacht ón bPríomhoide.

Ba mhaith liom fáilte mhór a chur romhat chuig suíomh úr Ghaelscoil Choláiste Mhuire. Molaim do thuismitheoirí cuairt a thabhairt ar an suíomh go minic. Bíonn eolas, fógraí agus grianghrafanna á gcur air ó am go chéile. Tá súil agam go bhfaighidh cuairteoirí an tsuímh seo blaiseadh de shaol ár scoile. Is Gaelscoil thumoideachais, Chaitliceach sinn a úsáideann an Ghaeilge mar sprioctheanga. Táimid uilig an-bhródúil as ár dteanga dhúchasach. Is cuid dár n-oidhreacht í. Mar a deir an seanfhocal: “Beatha Teanga í a Labhairt”. Is í aidhm na foirne anseo oideachas ardchaighdeánach a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge i dtimpeallacht shona, chairdiúil agus chuimsitheach.

Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil le múinteoirí na scoile as an obair dhíograiseach a bhíonn ar siúl le linn agus i ndiaidh am scoile. Bíonn an doras i gcónaí oscailte anseo i nGaelscoil Choláiste Mhuire agus ba bhreá liom dá mbeadh tuismitheoirí páirteach i saol scoile a bpáistí.

Is mise le meas,

Pól Hansard

20191024_121434.jpg

Meith 01
2023
Yóga
Meith 01
2023
Ealaín R 4 - 6
Meith 01
2023
Yóga
Meith 05
2023
Lá Saoire Bainc / Bank Holiday
4 Parnell Square, Rotunda, Dublin 1, Ireland.
01 872 9131
Enquire
Location
© 2023 Gaelscoil Choláiste Mhuire